Cur síos
Naoi mbliana dh'aois a bhí an t-údar nuair a rinne duine dhen chléir ionsaí gnéis air agus é ar scoil, ag tús na seascadaí. Sa leabhar seo tugann sé cuntas corraitheach ar na drochghníomhartha sin, agus cíorann sé an lorg, agus an bhail, a d'fhág na heachtraí seo air. Tugann an scrúdú a dhéanann sé ar a scéal pearsanta féin é ar aistear mar a rianaíonn sé an cúlra staire, socheolaíoch agus reiligiúnda a d'fhág nach aon éan cuideáin é i measc íobartaigh iomadúla na tréimhse sin in Éirinn – agus go deimhin roimhe agus ina dhiaidh – ach duine dhe dhream líonmhar atá fágthaí ar an bhfaoraor géar.
Reviews
Níl aon léirmheasanna ann go fóill.