Cur síos
Gach samhradh, téann an máistir scoile i mbaile beag ar an gcósta thiar chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan. Tugann sé abhaile leis dánta is amhráin nua na bhfilí. Bíonn muintir an bhaile ag súil leis na hamhráin nua, agus reáchtáiltear oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.
I mbliana, pilleann an máistir scoile agus é ag fógairt nach gcumfaidh sé ach 'filíocht nua' amach anseo, 'filíocht níos fírinní!' Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua gan cheol gan rithim, tagann uafás agus alltacht orthu.
Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an Fhrainc.
Reviews
Níl aon léirmheasanna ann go fóill.