Cuirimid fáilte roimh go leor cuairteoirí go laethúil chuig ár siopa leabhar i mBéal Feirste. Is féidir leat ár 3,000 teideal éagsúil a bhrabhsáil – idir leabhair d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, filíocht agus úrscéalta Gaeilge, ár mbailiúchán do pháistí agus leabhair ar stair agus polaitíocht na hÉireann.
Is ionad é An Ceathrú Póilí freisin do go leor ealaíontóirí neamhspleácha. Tá cártaí agus bronntanais lámhdhéanta againn, seodra bhreátha Cheilteacha agus potaireacht agus cré-umha álainne ceardaíochta ó chuid de na dearthóirí neamhspleácha is cumasaí in Éirinn.
Conas teacht anseo
Is féidir teacht go furasta ar An Ceathrú Póilí ar iompar poiblí agus, má tá tú ag teacht ó lár na cathrach, de shiúl na gcos.
Busanna
Is féidir leat an Glider a thógáil ó aon stad Glider ag dul i dtreo Bhóthar McKinstry. Tosaíonn an bealach seo i nDún Dónaill. Thig leat an chéad stad ó lár na cathrach a haimsiú díreach taobh amuigh d’Institiúid Acadúil Ríoga Bhéal Feirste. Is féidir leat fosta busanna Uimhir 10 a thógáil i dtreo lár na cathrach, nó i Sráid na Banríona ó Lár na Cathrach. Is féidir leat eolas iomlán amchláir a fháil ar shuíomh Translink.
Leid: más cuairteoir go Béal Feirste thú agus más mian leat busanna a úsáid, molaimid duit na haipeanna Translink (pleanálaí turais) agus mLink (ticéadú) a íoslódáil.
Tiomáint
Táimid turas 9 nóiméad ó Lár na Cathrach nuair a bhíonn trácht rialta ann. Faigh an bealach is fearr ar Google Maps.
Siúil
Is fearr le go leor cuairteoirí siúl go dtí an siopa ionas gur féidir leo dul thart ar áiteanna shuimiúla éagsúla. Ar chosán na Cheathrún Ghaeltachta, chífidh tú bratacha eolais faoin bhfoirgneamh, faoin bpáirc nó faoin séadchomhartha a bhfuil tú ag dul thart. Ó lár na cathrach, déan do bhealach go bun Bhóthar Fáil (Coláiste Ghort an Mhuilinn – is féidir leat bus nó Glider a fháil anseo fosta). Lean ort ag siúl i líne dhíreach ó lár na cathrach go dtí go bhfeiceann tú ár bhfoirgneamh ar thaobh na láimhe clé. Is féidir leat an bealach siúil is fearr a fháil ar Google Maps.
Lig scíth le do leabhar
Ar an urlár céanna leis an siopa leabhar is féidir leat suí, scíth a ligean le cupán caife nó triail a bhaint as bia blasta sa chaifé/bialann Bia Loch Lao.
Imeachtaí agus ranganna
Chomh maith lenár n-imeachtaí féin (liostaithe anseo), reáchtálann An Chultúrlann clár ceolchoirmeacha, ranganna agus drámaíochta ar feadh na bliana ar fad.